
An Sladmhargadh Bliantúil an tAon Sladmhargadh Amháin!
Ag tosnú 10am, an Satharn beag seo 29 Deireadh Fómhair
Clothar, An Daingean, Co. Chiarraí, Éire
* * * * * * * * * * * * * * * *
Beidh stoc ar fáil ar phraghasanna a bheidh leagtha go mór. Ina measc beidh gnáth-stoc áraistí boird, áraistí pasta, potaí móra groí, lampaí agus scathláin, í gach aon dath chomh maith le na réimsí nua Russet agus Smóilín.
Is geall le scéal Fiannaíochta cheana féin é sladmhargadh bliantúil Photadóireacht Louis Mulcahy i measc lucht cuardaithe na margaí. Ní hamhain go mbíonn daoine ag teacht ó áiteanna ar fuaid na hÉireann chun leas a bhaint as lascainí móra an tsladmhargadh, ach tagann siad ó thíortha thar lear, ó SAM, ón Iodáil, agus ón mBreatain. Táthar ag súil leis na mílte sa cheardlann i gClothar i nIarthar Chiarraí chun teacht ar na fíor-mhargaí.
I mbliana, gheobhaidh an cead 10 siopadóir is túisce sa chiú bronntanas saor i n aisce, áras lámh-dhéanta do choinnle beaga, agus cuirfear a n ainm isteach i gcomórtas i gcóir lampa álainn agus scáthlán maisithe le láimh. Coimeádfar an teas leis na siopadóirí fad is a bheidh siad ag feitheamh, le cupaí té agus caifé saor i n-aisce, le cístí milse, agus leis na hispíní féin!
Mar sin más suim leat bronntanaisí na Nollag a aimsiú, nó bronntanaisí pósta a cheannach, nó infheistíocht a dhéanamh i bpíosa buan potadóireachta ag máistir na gceardaithe do do thigh féin, seol do chosa i dtreo Shladmhargadh Bliantúil Photadóireacht Louis Mulcahy i gClothar, Iarthar Chiarraí, an deireadh seachtaine bainc seo.
Leanfaidh an sladmhargadh air go dtí Dé Domhnaigh 14 Samhain, agus cuirfear stoc nua amach gach lá.
|
Chun teacht ar a thuilleadh eolais nó ar ghriangrafanna, tair i dteangmháil le Lin ag da Hannafin Potadóireacht Louis Mulcahy, Clothar,
fón: 066 9156 229,
rphost: linda@louismulcahy.com
|